Cuir do smaointe agus do thuairimí i dtoll a chéile faoi cad ba cheart a dhéanamh faoi Óstán an Royal Shannon, Beannchar
Tá máistirphlean caomhnaithe coimisiúnaithe ag Comhairle Chontae Uíbh Fhailí chun an foirgneamh suntasach oidhreachta seo i gcroílár Bheannchair a athchóiriú agus a athúsáid. Tá sé suite go straitéiseach in aice leis an muiríne a bhí mar ábhar ag Máistirphlean Muiríne agus Purláin Bheannchair a seoladh le déanaí agus táthar ag súil go spreagfaidh sé athghiniúint sa cheantar, go gcothóidh sé turasóireacht agus go ndéanfaidh sé forbairt shóisialta agus eacnamaíoch Bheannchar a fheabhsú.
Is mian le Comhairle Chontae Uíbh Fhailí do smaointe faoi na húsáidí deiridh is fearr don fhoirgneamh a mheas agus tá sé mar aidhm aici moltaí ó gach páirtí leasmhar a mheas ionas gur féidir spásanna atá ag teastáil a chuimsiú sa dearadh agus a chinntiú gur féidir leas a bhaint as na deiseanna féideartha ar fad sna blianta atá le teacht.
Is féidir an suirbhé a fhreagairt ar líne freisin tríd an gcód QR.
Abair leat – https://forms.office.com/e/uTETZf7Ac3
![](https://www.offaly.ie/app/uploads/Council/Council_Services_A-Z/Regeneration/QRCode-for-Ostan-an-Royal-Beannchar-_Royal-Shannon-Hotel-Banagher--1024x1024.png)