Skip to main content

Tionól – tiomsú smaointe (idir mhór & bheag)

Mar chuid den Ealaín sa Tírdhreach: Féile an Athraithe beidh imeacht ann darb ainm Tionól – tiomsú smaointe; spás cruthaitheach chun smaointe a roinnt agus deis a thabhairt do rannpháirtithe a gcuid smaointe ‘móra’ nó ‘beaga’ a roinnt maidir le hEalaín sa Tírdhreach. Is é cuspóir na hócáide smaointe a roinnt agus comhráite a spreagadh ar bhonn áitiúil.  Tabhair faoi deara le do thoil nach glao é seo ar thograí tionscadail a chuirfear i bhfeidhm, ach le tuairimí a fháil a spreagfaidh smaointeoireacht amach anseo.

An bhfuil suim agat sna healaíona, oidhreacht, cultúr, turasóireacht, forbairt pobail, timpeallacht nó forbairt eacnamaíoch, nó an mbíonn tú ag obair nó i d’oibrí deonach iontu sin? An ball den phobal áitiúil thú atá i do chónaí in aice le Páirc Dhealbhóireachta Loch na Buaraí in Uíbh Fhailí nó le taobh Chonair Thír Sáile i dTuaisceart Mhaigh Eo? B’fhéidir go bhfuil smaoineamh agat do thionscadal nó imeacht Ealaíne sa Tírdhreach a ba mhaith leat a roinnt linn? 

Má tá smaoineamh agat a ba mhaith leat a roinnt agus a phlé ag ócáid an Tionóil is féidir é a chur isteach lena bhreithniú. Cuirfear smaointe ar ghearrliosta bunaithe ar mheascán smaointe ó earnálacha éagsúla a bheas i láthair ag an ócáid. Beidh mír chur i láthair 10 nóiméad an ceann ag láithreoirí a roghnaítear. Léirigh, le do thoil, más mian leat páirt a ghlacadh in imeacht Uíbh Fhailí nó Mhaigh Eo. 

Tá fáilte roimh cheisteanna a bhaineann leis an tionscadal ón 3 Eanáir 2024. Is é Dé Luain an 12 Feabhra 2024 an spriocdháta le haghaidh smaointe.  Cuir smaointe isteach tríd an nasc thíos: 

 NASC CHUIG SUIRBHÉ

Beidh an Tionól ar siúl i: 

Uíbh Fhailí – Ionad Ealaíon Eascrach, Tulach Mhór, Dé hAoine 5 Aibreán 2024  

Maigh Eo Thuaidh – Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Dé hAoine 12 Aibreán 2024 

Beidh tuilleadh eolais faoin Ealaín sa Tírdhreach: Féile Athraithe ar fáil san athbhliain.