Tugtar fógra leis seo go bhfuil Dréachtbhuiséad Údaráis Áitiúil Chomhairle Chontae Uíbh Fhailí don bhliain airgeadais dár críoch an 31ú Nollaig 2025 ullmhaithe agus go mbeidh sé á bhreithniú ag an gComhairle ag Cruinniú Buiséid Reachtúil a reáchtálfar Dé Luain, an 18 ú Samhain 2024 ag 2.i.n
Beidh cóip den Dréachtbhuiséad Údaráis Áitiúil le fáil in oifigí na Comhairle ag Áras an Chontae, Bothar Charleville, An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ó Dé Luain, an 11ú Samhain 2024 nó is féidir é a fheiceáil ar líne freisin ag: www.offaly.ie ón dáta sin.
Is féidir le haon bhall den phobal ar mian leis/léi an Dréachtbhuiséad Údaráis Áitiúil a iniúchadh é sin a dhéanamh saor in aisce ag aon tráth ar an dáta sin nó ina dhiaidh sin, fad a bhíonn na hoifigí ar oscailt chun gnó oifigiúil a dhéanamh. Cuirfear cóip de Dréachtbhuiséad Údaráis Áitiúil ar fáil d’aon duine a dhéanann iarratas, agus beidh táille €5 le híoc le haghaidh gach cóip.
Fiona Ní Mhaoláin
Stiúrthóir Airgeadais agus Seirbísí Tacaíochta
Comhairle Chontae Uíbh Fhailí
25ú Deiridh Fhomhair 2024