Skip to main content

Coimisiún Ealaíon Don Óige 2024

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Uíbh Fhailí ag lorg ealaíontóirí gairmiúla (daoine aonair nó grúpaí) le dul i mbun oibre le heagraíochtaí óige chun togra a chur isteach maidir le Tionscadal Ealaíon don Óige do dhaoine óga 13-25 bliana d’aois a sheachadadh i gContae Uíbh Fhailí. Tá an coimisiún sásta glacadh le haighneachtaí ó gach disciplín ealaíne, na hamharcealaíona, scannánaíocht, beochan, na healaíona digiteacha, na taibh-ealaíona, litríocht agus ealaín fuaime ina measc. Is féidir leis an gcoimisiún díriú ar fhoirm ealaíne amháin nó ar raon foirmeacha ealaíne ach is riachtanach go mbeidh ealaíontóir gairmiúil rannpháirteach sa togra, nó bainteach leis. Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht ghníomhach na ndaoine óga agus an comhchruthú oibre lárnach sa tionscadal ealaíon don óige.

Íoslódáil an Coimisiún Ealaíon don Óige anseo

Íoslódáil foirm iarratais ón gCoimisiún Ealaíon don Aos Óg anseo