Comhairle Contae Laoise Agus Comhairle Contae Uíbh Fhailí
DRÉACHTPHLEAN CEANTAIR ÁITIÚIL CHÚL AN tSÚDAIRE 2025-2031
Tá fáilte roimh aighneachtaí maidir leis na hAthruithe Ábhartha Molta le haghaidh Dhréachtphlean Cheantair Áitiúil Chúl an tSúdaire 2025-2031 (agus na doiciméid a bhaineann leis) faoi 4pm an 9 Bealtaine 2025
Tugtar fógra leis seo go bhfuil Comhairleoirí Contae Laoise agus Comhairleoirí Contae Uíbh Fhailí tar éis breithiúnas a thabhairt ar Dhréachtphlean Cheantair Áitiúil Chúl an tSúdaire 2025-2031, agus arThuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh agus, i leith na n-aighneachtaí a fuarthas, tá sé beartaithe acu go ndéanfar an Plean thuasluaite a leasú i gcomhréir le hAlt 20(3)(e) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).
I gcomhréir le hAlt 20 (3)(e) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), rinneadh scrúdú ar na hathruithe ábhartha molta le fáil amach an raibh gá le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus Measúnacht Chuí (AA) a dhéanamh agus beartaíodh gur gá SEA le haghaidh athrú ábhartha molta amháin ach nach gá an Mheasúnacht Chuí Céim 2 a dhéanamh le haghaidh aon athraithe atá molta.
Ina thaobh sin, foilsítear na doiciméid seo a leanas le haghaidh iniúchta agus comhairliúcháin phoiblí.
- Athruithe Ábhartha Molta ar Dhréacht-Phlean Ceantair Áitiúil Chúl an tSúdaire 2025 – 2031.
- Scagadh do Chinneadh SEA.
- Tuarascáil Timpeallachta SEA (lena n-áirítear Scagadh do Thuarascáil SEA agus faisnéis ar na héifeachtaí suntasacha dóchúla ar an gcomhshaol ó chur i bhfeidhm Athrú Ábhartha amháin molta a bhí faoi réir SEA) de bhun na Treorach SEA agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt (SEA) 2004-2011.
- Scagadh do Chinneadh AA.
- Scagadh do Thuarascáil AA de bhun Threoir an AE maidir le Gnáthóga (92/43/CEE) agus leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).
- Athruithe Ábhartha Molta ar na hAguisíní, agus ar an bPlean Iompair Áitiúil, ar Mheasúnú Straitéiseach ar Riosca Tuilte agus ar Mheasúnú Bonneagair.
Na hAthruithe Ábharta Molta ar Taispeáint
Beidh na hathruithe ábhartha molta ar Dhréachtphlean Ceantair Áitiúil Chúl an tSúdaire 2025 – 2031 agus na doiciméid SEA agus AA a bhaineann leis ar fáil lena n-iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas ón 10 Aibreán go dtí an 9 Bealtaine 2025:
- Ar líne ag http://consult.laois.ie and https://www.offaly.ie/?page_id=34241
- Comhairle Contae Laoise, Áras an Chontae, Ascaill Shéamais Fhionntain Uí Leathlobhair, Port Laoise, Co. Laoise.
- Comhairle Contae Uíbh Fhailí, Áras an Chontae, Bóthar Bhaile an Bhóthair, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí
- Leabharlann Chúl an tSúdaire, An Phríomhshráid, Cúl an tSúdaire, Co. Laoise
- Ceantar Bardasach Éadan Doire, Halla Bhaile Éadan Doire, Cearnóg Uí Chonaill, Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí.
Taispeáin cáipéisí
Aighneacht Scríofa a Dhéanamh
Cuirtear fáilte leis seo roimh aighneachtaí nó tuairimí maidir leis na hAthruithe Ábhartha Molta, agus iad sin amháin, ar Dhréachtphlean Ceantair Áitiúil Chúl an tSúdaire 2025 – 2031 agus na tuarascálacha comhshaoil agus aguisíní gaolmhara ón bpobal agus ó chomhlachtaí leasmhara ón 10 Aibreán go dtí an 9 Bealtaine 2025, an dá lá sin san áireamh.
Tá leanaí, nó grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar leanaí, i dteideal aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh.
Déanfar gach aighneacht nó tuairim scríofa a mheas go cuí agus cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar an Plean Ceantair Áitiúil.
Is féidir aighneachtaí agus tuairimí a dhéanamh mar seo a leanas:
- Tríd an tairseach/na tairseacha comhairliúcháin: http://consult.laois.ie nó https://submit.link/3zC
- Trí ríomhphost a sheoladh chuig: portarlingtonlap@laoiscoco.ie
- I scríbhinn agus marcáilte “Athruithe Ábhartha ar Dhréacht-Phlean Ceantair Áitiúil Chúl an tSúdaire 2025-2031” agus iad a sheoladh chuig an seoladh ábhartha seo a leanas:
Comhairle Contae Laoise, an Pleanálaí Sinsearach, Áras an Chontae, Ascaill JFL, Port Laoise, Co. Laois.
Comhairle Contae Uíbh Fhailí, Pleanáil Chun Cinn, Áras an Chontae, Bóthar Bhaile an Bhóthair, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí.
- Déanfaidh Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Laoise agus Chomhairle Contae Uíbh Fhailí aighneachtaí/tuairimí a dhéanfar laistigh den tréimhse seo a chur san áireamh mar is cuí sula ndéanfar Comhphlean Ceantair Áitiúil Chúl an tSúdaire 2025-2031.
- Ba cheart gach aighneacht a chur isteach ar mhodh amháin i.e. cóip chrua a sheoladh isteach nó í a chur isteach tríd an tairseach comhairliúcháin ar líne nó í a sheoladh isteach trí ríomhphost. Leis sin, beifear in ann dúbailt uimhreacha tagartha aighneachtaí a sheachaint agus is éifeachtaí mar a bheidh an próiseas.
- Ba chóir go mbeadh léarscáil san áireamh in aighneachtaí más rud é go dtagraítear do láithreacha nó gnéithe ar leith iontu. Ba cheart go mbeadh aighneachtaí soiléir agus gonta. Más gá duit aighneacht fhada a dhéanamh, cuir achoimre feidhmiúcháin i gceangal leis le do thoil. Ar mhaithe le hinléiteacht, b’fhearr go mbeadh aighneachtaí clóscríofa.
- Cuir d’ainm agus do sheoladh agus, nuair is cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta ar a ndéanann tú ionadaíocht ar leathanach ar leith le hábhar d’aighneachta, chun cabhrú le forálacha an Achta um Chosaint Sonraí a chomhlíonadh.
- Is próiseas oscailte poiblí é an próiseas Pleanála. Sa chomhthéacs sin, cuirfear gach aighneacht / tuairim san áireamh agus mar gheall gur ábhar taifead poiblí iad, cuirfear ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Contae iad. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfoilseofar ainm an duine/na ndaoine/grúpa(í) a dhéanann aighneachtaí, ach go ndéanfar sonraí pearsanta a athrú.
Is dleathach do shonraí pearsanta a phróiseáil faoi Airteagal 6(1)(e) de na Rialacháin GDPR.
Tá Beartas Cosanta Sonraí na Comhairle ar fáil ag:
- https://laois.ie/wp-content/uploads/Agreed-Laois-County-Council-revised-Data-Protection-policy-1.pdf
- https://www.offaly.ie/app/uploads/Council/Council_Services_A-Z/Planning_Building/Privacy-Statement-Material-Alterations-PJLAP.pdf
MOLTAR GO LÁIDIR DUIT D’AIGHNEACHT A CHUR ISTEACH CHOMH LUATH AGUS IS FÉIDIR. NÍ GHLACFAR LE hAIGHNEACHTAÍ DÉANACHA. IS É 4 PM AN 9 BEALTAINE 2025 AN t-AM IS DÉANAÍ CHUN AIGHNEACHT A FHÁIL (TRÍD AN bPOST/AR LÍNE/RÍOMHPHOST)