Skip to main content

Gréasán Raonta Rothar Thulach Mhór, Céim 1 – Tráthnóna Eolais – Buail Isteach

Tá an réamhdhearadh don ghréasán atá beartaithe, Gréasán Raonta Rothar Thulach Mhór, céim 1, críochnaithe. Clúdaíonn céim 1 an chuid den bhaile ó thuaidh den Chanáil Mhór. Is é aidhm an tionscadail ná bonneagar sábháilte compordach a chur ar fáil do rothaithe agus do choisithe sa chuid seo de Thulach Mhór.

Sula gcuirfear tús leis an nós imeachta comhairliúcháin reachtúil faoi Chuid 8, tionólfar lá eolais buail isteach oscailte Dé Máirt, an 2 Aibreán ag oifigí Cheantar Bardasach Thulach Mhór (Halla Acres, Sráid Chormaic) ó 14:30 go dtí 19:30. Beidh líníochtaí den scéim atá beartaithe ar taispeáint agus beidh baill foirne i láthair chun an scéim atá beartaithe a phlé agus aon cheisteanna a fhreagairt.

Tugtar cuireadh do gach duine bualadh isteach am ar bith iarnóin an 2 Aibreán agus tá fáilte mhór roimh gach tuairim agus moladh maidir leis an scéim atá beartaithe.